Mionsonraí an Agallaimh | Fad | Éist |
Saol nuair a bhí se óg. Buachailleacht roimh na scoile. Moll oibre san am. Daoine ag airneáin, caitheamh snaoisín, mná ag caitheamh píopaí, Kitty Bhrianaí John, píopaí cré ag na fairí fosta, a gcur ó dhuine go duine.
Scoil an Luinnigh, tá sé leagtha anois, caint ar na múinteoirí a bhí ann. Chuaigh sé ar an scoil in Inis Meáin tamall. | 00:04:44 | |
As Inis Meáin a mhuintir, ba ghnách leis an geimhreadh a chaitheamh istigh ann, chuaigh sé ar scoil ansin tamall. Saol eile ar an oileán, saol maith. Airneáin, cartaí, daoine fiosrach. Cur síos ar an chineál oibre a rinneadh siad, iascaireacht a ba mhó, mná ag baint na bpréataí. An cineál bidh a bhí acu, préataí agus iasc. Siopaí ag gabháil isteach an oileáin. | 00:04:51 | |
Ag déanamh galósacha as 'wicks' na lampaí. Péire úr aige nuair a bhí sé ag gabháil faoi láimh an Easpaig. | 00:02:23 | |